Get in Touch:


Name:
E-mail:
Nature of Enquiry:

Fáilte

Fáilte chuig suíomh idirlíne “Cistineacha Sheamuis Ó  Fearraigh”. Tá thar 20 bliain de thaithí againn ag dearadh ,ag déanamh agus  ag cur isteach cistineacha ar fud na h-Éireann. Tá muid inár saineolaithe ag ár gcuid oibre faoin am seo agus áitreabh déantúsaíochta atá feistithe le innealra agus uirlísí den scoth tógtha againn.

Thig linne do bhriongloid a fhíorú agus an chistin álainn sin , atá deartha go pearsanta duitse a  chur isteach duit.Tuigeann muid an tábhacht  a bhaineann le  cistin d’ard chaighdéan agus glacann muid bród inár saothar. Úsaideann muid an bunábhar is fearr ar an mhargadh agus ní théann “job” ar bith chuig  fochonraitheoir . Má ordaíonn tú uainne is muid féin a dhéanfaidh d’ordú a chomhlíonadh , rud a fhágann go bhfaigheann achan ordú 100% dár n-aire agus dár gcúram agus go bhfuil ár dtáirgí seiceáilte, ath seiceáilte agus gan locht.

Tá an comhlacht lonnaithe i Loch an Iúir,ceantar Gaeltachta i gCondae Dhún na nGall. Gnó teaghlaigh atá i  gceist. Dean teagmháil le SFK  má tá do chistin le h-athrú, nó má tá prios éadaigh ,prios leabhar, nó prios oifige  de dhíth ort.

Beag nó mór do riachtanas tá muidinne anseo le tú a shásamh.

 

2014. Copyright Seamus Ferry Kitchens
Web Design Ireland by BCS.